
Cluedo
Tá Úna Bean Uí Dhuinn marbh, feall déanta uirthi ina hóstán féin, ach cé a rinne an gníomh, cá bhfuair sí bás agus conas a maraíodh í?
Fáilte go leagan Glór na nGael den chluiche Cluedo as Gaeilge, Dúnmharú san Óstán atá foilsithe le tacaíocht ó COGG agus Foras na Gaeilge.
Tá an cluiche Cluedo aitheanta ar fud an domhain, agus níl aon amhras gur ceann de na cluichí ‘comhrá’ is coitianta atá ann. Aithnítear an ról ar leith atá ag cluichí cómhrá mar Cluedo, Monopoly, Scrabble srl i spreagadh labhairt na teanga i ngrúpaí, mar uirlis fhoghlama agus sóisialta.
Tá coincheap an-simplí taobh thiar den chluiche: go bhfuil feall déanta in óstán (Bean Uí Dhuinn marbh) agus scaipthe i measc na n-imreoirí tá roghanna de hairm, suíomhanna agus amhrastaigh freagrach as an bhfeall. Idir líomhaintí agus amhras, agus píosa maith bleachtaireachta, fiosraíonn na himreoirí cé a rinne an feall, cén arm a úsáideadh agus cén áit ar tharla sé. Níos mó eolais anseo.
Liathróid aclaíochta
Is áis úsáideach do ranganna corpoideachais é an Liathróid Aclaíochta, forbartha ag Glór na nGael le tacaíocht COGG.
Ar na painéil timpeal tlacht na liathróide tá réimse treoracha aclaíochta agus caitear an liathróid o dhalta go dalta. Pé áit a chríochnaíonn ordóg na láimhe clé an duine atá ag greim ar an liathróid, caithfear treoir na haclaíochta sin a dhéanamh.
Spraoi, aclaíocht agus teanga, in aon liathróid amháin. Níos mó eolais anseo.