Sláinte Intinne
Sláinte intinne
Céard é sláinte intinne?
Baineann sláinte intinne le do leas síceolaíoch. Cuimsíonn an téarma ‘sláinte intinne’ an bealach a mhothaíonn tú fút féin, caighdeán do chuid caidreamh le daoine eile agus do chumas chun déileáil le deacrachtaí.
Tá sé tábhachtach ag ógánaigh sláinte intinne a chothú. Seo a leanas bealaí gur féidir le daoine óga sláinte intinne a fhorbairt:
- Meas a bheith agat ort féin
- Féinmhuinín a bheith agat
- Dóigheanna a fhoghlaim chun strus a bhainistiú go héifeachtach
- Am a chur ar leataobh le do scíth a ligint
- Rudaí nua a fhoghlaim. Coinneoidh sé seo d’intinn gníomhach.
- Srian a choinneáil ar dhrochnósanna intinne,mar shampla, a bheith ag déanamh imní.
Is féidir le drochnósanna dúlagar agus faitíos a chruthú.
Má tá imní ort faoi do shláinte intinne ba cheart duit labhairt le tuismitheoir, le múinteoir nó le cara.
Seo a leanas liosta d’eagraíochtaí a chabhraíonn le daoine óga a bhfuil deacrachtaí sláinte intinne acu.
- letsomeoneknow.ie
- Barnardos Teenhelp
- SpunOut.ie
- Headstrong
- Jigsaw
- TEENTXT
- Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann
- Reach Out
- Childline
- Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí
- Oifig Ombudsman na Leanaí
- HeadsUp
Obair sa Rang – Taighde ar líne
Roghnaigh cúig eagraíocht ón liosta thuas. Déan taighde ar líne faoin obair atá ar bun acu.
Gluais
Sláinte intinne – Mental Health
Ag cothú sláinte intinne – Nurturing mental health
Leas síceolaíoch– physiological well being
Féinmhuinín – self-esteem
Gníomhach – active
Nósanna – habits
Dúlagar – Depression