Rannóg oideachais Tuairisc.ie le seoladh

rannóg oid

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil tús á chur againn le rannóg oideachais Tuairisc.ie arís i mbliana.

Le cabhair ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, tá ábhar spleodrach, taitneamach agus samhlaíoch curtha i dtoll a chéile againn don bhliain atá romhainn.

Beidh tascanna idirghníomhacha ag dul leis na míreanna agus beifear in ann iad a íoslódáil.

Beidh an t-ábhar sin le feiceáil ón Máirt seo chugainn ar aghaidh.