Coiste ETIM – Múinteoirí Bunscoile de dhíth
Má tá suim agat a bheith páirteach sa choiste seo líon isteach an fhoirm seo.
Má tá suim agat a bheith páirteach sa choiste seo líon isteach an fhoirm seo.
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Oideachais ó mhúinteoirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu atá lánchláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, le dul ar iasacht chuig na poist sna Scoileanna Eorpacha thíos ag tosú ar an 1 Meán Fómhair 2024.
Iasachtaí do Mhúinteoirí Bunscoile
Áiteanna na bPost Bunscoile | Bunscoil (6 – 10 mbliana d’aois) |
Lucsamburg 1 | Post amháin
|
Lucsamburg II
|
Post amháin |
Frankfurt | Post amháin
|
Karlsruhe | Post amháin
|
An Bhruiséil 1 | Post amháin
|
Bergen | Post amháin
|
Varese | Post amháin (Cáilíochtaí tacaíocht foghlama inmhianaithe)
|
Iasachtaí do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile:
Áiteanna na bPost Iar-bhunscoile | Iar-bhunscoil (11 – 18 mbliana d’aois) Ábha(i)r |
Mol | Gaeilge agus Ceol nó Gaeilge agus Ealaín nó Gaeilge agus Corpoideachas nó Gaeilge agus Béarla (T1 & T2)1 |
Frankfurt | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) |
Lucsamburg 1 | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) |
Lucsamburg II | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) nó Gaeilge agus Stair nó Gaeilge agus Tíreolaíocht
|
An Bhruiséil II | Eacnamaíocht agus Stair |
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo; gov.ie – Secondment of teachers to European Schools (www.gov.ie) . Is é 5pm ar 05 Feabhra 2024 an dáta deiridh is féidir iarratais chomhlánaithe a chur isteach.
Tá COGG an-sásta a fhógairt go mbeidh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile arís an téarma seo.
D’éirigh go hiontach leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr san Fhómhar,le Dianchúrsa COGG a bhí ar siúl i mí Lúnasa agus le linn an dá théarma scoile anuraidh.
Cuirtear na ranganna ar fáil saor in aisce anois ach éarlais a íoc. Is gá do mhúinteoirí éarlais €50 a íoc agus má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as 10, gheobhaidh siad aisíoc de €50. Má tá fíordheacracht ag aon scoil leis an éarlais seo agus más mian le múinteoirí na ranganna a dhéanamh is féidir teagmháil a dhéanamh linn go díreach agus beidh cabhair ar fáil.
Tabharfaidh na ranganna seo an-mhuinín do mhúinteoirí don teagasc trí Ghaeilge agus tacóidh siad leo barr feabhais a bhaint amach agus a bheith muiníneach sa seomra ranga trí Ghaeilge, agus leis na hacmhainní agus na háiseanna téarmaíochta Gaeilge don seomra ranga.
Tá na ranganna á soláthar ag leibhéil éagsúla chun tacú le múinteoirí an leibhéal is oiriúnaí dóibh a aimsiú:
Sonraí an Chúrsa |
Na Leibhéil Éagsúla |
|
Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 20 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom) |
|
Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 20 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom) |
|
Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 21 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom) |
|
Cruinneas 1 (C1) Dé Céadaoin 21 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom) |
|
Nasc: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg
|
Breis eolais faoi nádúr na ranganna:
Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán. Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt lárnach agus ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir a bheith i mbun na cainte go léir. Tugtar teastas tinrimh do na rannpháirtithe ag deireadh an chúrsa.
Ba chúis áthais do COGG cuireadh a fháil chuig an gCruinniú Mullaigh. Reáchtáil COGG
ceardlann a thug léargas ar an nasc idir an Ghaeilge agus na teangacha eile sa seomra ranga; pléadh go mion na duanna agus na buanna a bhaineann le gairm an mhúinteora teangacha sa suíomh T1 agus tugadh spléachadh ar obair COGG ag soláthar acmhainní agus tacaíocht do scoileanna T1.
Focal ón bPríomhfheidhmeannach
Léirigh Jacqueline Ní Fhearghusa go raibh sí sásta go raibh COGG páirteach ag an gCruinniú, “ní hamháin gur ócáid dea-eagraithe go deo a bhí ann ach d’oir an t-Ionad go seoigh d’imeachtaí an lae. Bhí aoichainteoirí den chéad scoth i láthair a léirigh an tábhacht le teangacha agus cuireadh go leor dea-chleachtais chun cinn. Comhghairdeas le Karen agus leis an bhfoireann as éacht a bhaint amach ar an lá. B’iontach an rud é go raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus i measc na dteangacha eile ar an lá iomráiteach seo i mBaile Átha Cliath agus táthar ag súil leis go ndéanfar tuilleadh comhoibriú le chéile go minic amach anseo.”
Tá an tuairisc iomlan ar fáil anseo.
Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta
Dáta druidte – 15 Nollaig. Cláraigh anseo.
Is clár oideachais neamhiomaíocht do bhunscoileanna é Bleaist Eolaíochta ESB ina bhfiosraíonn an rang iomlán an eolaíocht a bhaineann le ceist shimplí. Cuirtear an obair ranga i láthair ag an ócáid.
Beidh COGG agus An Foras Pátrúnachta, i gcomhpháirt leis an RDS, ag eagrú ‘Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta’ mar chuid den Bhleaist Eolaíochta arís in 2024. Bhí an-rath ar an ócáid sin cheana agus beidh sé ar siúl arís ar an 7 Márta 2024 san RDS. Is deis iontach í seo do pháistí teacht le chéile agus dea-obair s’acu a cheiliúradh le chéile chomh maith le spraoi a bheith acu trí Ghaeilge!
Ní obair bhreise atá i gceist leis an ócáid seo ach gnáthobair ranga a chur i láthair. Bíonn tacaíocht ar fáil ó fhoireann an RDS i rith an ama agus bronnfar gradam ar gach rang a ghlacann páirt ann.
Táimid lán-sásta tacaíocht a thabhairt don ócáid agus don lá speisialta seo, lá gur féidir le scoileanna lán-Ghaeilge teacht le chéile agus molaimid do gach scoil páirt a ghlacadh ann. Beidh ceardlanna agus siamsaíochtaí éagsúla ar siúl ar an lá. Is cinnte go mbainfidh na páistí agus na múinteoirí an-tairbhe as.
Chun cabhrú le costais taistil a íoc, beidh deontas de €100 ar fáil ón RDS agus €100 eile ó COGG / An Foras Pátrúnachta do gach gaelscoil agus scoil ghaeltachta a bheidh i láthair (€200 san iomlán).
Má bhíonn aon cheist agat faoin ócáid seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil le foireann an RDS trí na sonraí teagmhála seo – scienceblast@rds.ie. Beidh siad breá sásta cabhrú leat.
Tá TARRAC ar fáil sna pictiúrlanna do ghrúpaí OIar-bhunscoile,Ollscoile agus clubanna.
Déan teagmháil le Claire@eclipsepictures.ie chun níos mó eolais a fháil.
Cuireann PARKLAND ENTERTAINMENT & ECLIPSE PICTURES an scannán Gaeilge TARRACi láthair.
Faoi stiúir Declan Recks. Scríofa ag Eugene O’Brien. Léirithe ag Clíona Ní Bhuachalla.
I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.
Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair. Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.
Fad: 94 nóiméad / Deimhniú IFCO: 15a / Deimhniú BBFC: 15
TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh Tarrac
mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.
Taighde ar Riachtanais Speisialta Oideachais in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge (iar-bhunscoileanna T1)
Taighde a dhéanamh, mar atá déanta ag an mbunleibhéal T1, ar na riachtanais speisialta oideachais (RSO), in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.
Níos mó eolais ar fáil anseo.
Moltóirí le Gaeilge de dhíth don Bleaist Eolaíochta 2024.
Cathain? – Déardaoin 7 Márta 2024
Cá háit? – RDS, Baile Átha Cliath
Conas clárú? – Cliceáil anseo.
Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)
Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.
Tá an sceideal (Téarma 2 2023/2024) ar fáil anseo.
Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!
Ceisteanna:
Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie
Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie