Idir Mise & Tusa

download

Sraith drámaíochta ‘Idir Mise Agus Tusa’ le 10 n-agallamh beirte nua-chumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile agus iad uilig dírithe ar an aos óg.

http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-taobh-thiar-den-taifeadadh#.Vo4_1PmLTIU

www.meoneile.ie
Le trí mhí anuas bhí an tsraith nua drámaíochta ‘Idir Mise Agus Tusa’ againn ar Meon Eile ina raibh 10 n-agallamh beirte nua-chumtha curtha i láthair ag páistí bunscoile ó achan chearn de Chúige Uladh. Rinneadh léiriú ar théamaí an tsaoil ar shlí ghreannmhar ghonta fhileata. Ray Mac Manáis, Antaine Ó Donnaile, Eithne Ní Ghallchobhair, Seán Mac Labhraí, Méabh Fields, Séamas Mac Annaidh agus Pádraig Mac Suibhne a chum na ranntaí éagsúla. Seo léargas ar an tslí inar taifeadadh an tsraith ‘Idir Mise agus Tusa’…