Ceardlann – Drámaíocht agus Foghlaim Teanga
Drámaíocht agus Foghlaim Teanga le Sinéad Ní Ghuidhir
Satharn 27 Aibreán 2024. Níos mó eolais anseo.
Drámaíocht agus Foghlaim Teanga le Sinéad Ní Ghuidhir
Satharn 27 Aibreán 2024. Níos mó eolais anseo.
Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!
Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie
Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach, Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n. Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4. An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair- Stiofáin Ó hIfearnáin.
Sa cheardlann seo, díreofar ar:
Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.
Breis eolais ó aoife@cogg.ie
Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.
Tá gach eolas ar fáil ó https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge
Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.
Tá na Nuachtlitreacha is déanaí ar fáil anois.
Cliceáil ar na naisc thíos.
Cláraigh dár Nuachtlitir anseo.
More information available here.
Bronnadh gradaim ar fhoghlaimeoirí BOO a bhain barr feabhais amach sa Ghaeilge ag ócáid náisiúnta do 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i bPáirc Thuamhan.
Rinne COGG urraíocht ar an sparánacht, lena n-áiríear tacaíocht airgid de 5000 Euro agus cúnamh garimiúil, agus bronnadh an sparánacht sin ar Aoibhinn Ní Craoibhínn ag an ócáid.
Bronnadh 500 Euro mar dhuais thánaisteach ar fhoghlaimeoir BOO Chorcaí Ameilia Ní Reen Ní Mhathúna. Léigh an preaseisiúint iomlán anseo.