Sleamhnáin a clúdaíonn ceisteanna uile ó 2010 go 2017 i dTionscadal Mata Ardléibhéal na hArdteistiméireachta.
Sleamhnáin a clúdaíonn ceisteanna uile ó 2010 go 2017 i dTionscadal Mata Ardléibhéal na hArdteistiméireachta.
Lá Oiliúna ar Mar a Déarfá do na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Déardaoin, an 23 Samhain in Óstán na Páirce sa Mhuileann gCéarr
Is féidir clárú ag an nasc seo https://goo.gl/forms/RRkDe48x0d2g5Vkc2
Breacadh – Irish do dhaoine óga a thaitneoidh le gach duine (idir bhuachaillí agus chailíní) mar tá sé barclíonta ó chlúdach go clúdach leis na scéalta is deireanaí.
Is féidir orduithe don iris Breacadh a dhéanamh anois don scoilbhliain 2017/18 http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/breacadh-foirm-ordaithe-2017.pdf
Is iris í seo atá feiliúnach do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
Eagrán an Fhómhair de ‘Líon an Dúlra’ ar fáil anois:
Comórtas aistriúcháin do dhaltaí.
Beidh an chomórtas ar oscailt go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2017.
Lean an nasc thíos:
Nasc chuig cuntas Soundcloud Raidió na Life mar a bhfuil fáil ar moll mór scéalta don aos óg agus iad á n-insint ag daoine éagsúla.
Gach eolas ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/An-Roinn/Bainist%C3%ADocht-Eagar/An-tAonad-um-Oideachas-Gaeltachta.html
Tosaíonn an turas ag a haon a chlog, i bpríomh halla na Leabharlainne, agus tá sé bainteach le Seachtain na hOidhreachta, a thosaíonn Dé Sathairn. Léireoidh an turas conas a chuireadh an Leabharlann i mbun (140 bliain ó shin inniu, mar a tharlaíonn sé!), roinnt gnéithe ailtireachta agus beidh deis ag daoine ar an turas cúirt a thabhairt ar ár Seomra Léitheoireachta cáiliúl
Cúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí a bhíonn nó a bheidh ag múineadh ábhair éagsúla trí Ghaeilge
Ionad na Gaeilge Labhartha: Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Cúrsa 20 Seachtaine
Luan 7.00 – 9.00 p.m., ag tosnú Dé Luain 11.09.2017.
Táille €300.
Clárú: 01.09.2017 (dáta deiridh).
Cur síos ar an gCúrsa: Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoiri:
(i) ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
(iii) scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.
I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:
Tarlúintí i rith an lae
(i) Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne
(iii) Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile
(iv) Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an éiginnteacht, an faitíos srl.)
Tarlúintí i rith na seachtaine
(i) Cruinnithe foirne
(ii) Cluichí, clubanna
(iii) Turasanna scoile
(iv) Cuairteoirí, eagraíocht, an bhaint idir an scoil agus an sochaí
Tá an cúrsa seo oiriúnach do:
(i) ábhair mhúinteoirí
(ii) múinteoirí nua-cháilithe
(iii) múinteoirí atá fostaithe cheana féin sna Gaelcholáistí
(iv) múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna sna Gaelcholáistí
Speisialtóirí: Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean taithí acu).
Foirm Iarratais Múinteoirí 2017 ar fáil anseo: Foirm Iarratais
20 Week Course for Teachers who teach various subjects through Irish
This new 20 week course, beginning Monday 11th September, will offer practical assistance to teachers who teach or who wish to teach various subjects through Irish. It will focus on the everyday language of both classroom and staffroom and will also identify suitable language websites that facilitate teaching through a second language. Specialist subject teachers will be available to explain the unique content of their disciplines.
The emphasis throughout the course will be to tackle the routine language needs of the teacher whilst also allowing for a significant input from participants who may wish to have their own particular needs addressed.
The course will have a modest content of grammar but the emphasis will focus primarily on the spoken word and on the functional language that’s used in the classroom.
For further information please contact 021-4902314 or e-mail s.obroin@ucc.ie
1st September 2017: Latest date for receipt of application forms.