Aighneacht le haghaidh Chomhairliúchán na Comhairle Múinteoireachta

Aighneacht le haghaidh chomhairliúchán na Comhairle Múinteoireachta ar an Ráiteas Straitéiseach faoi Leanúnachas san Oideachas Múinteoireachta atá á fhorbairt agus a Straitéis le haghaidh athbhreithnithe ar Chláir Oideachais Mhúinteora.

Is mian leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta an aighneacht seo a chur faoi

bhráid na Comhairle Múinteoireachta maidir leis an ráiteas polasaí a leagfaidh amach fís na Comhairle Mhúinteoireachta maidir le hoideachas múinteoirí ag gach sraith den ghairm mhúinteoireachta.

Ó bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta in 2002, tá taighde leanúnach á dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an teagasc trí Ghaeilge agus le teagasc na Gaeilge. Mar thoradh air seo, tá réimse tuarascálacha taighde foilsithe ag COGG, agus ina measc, tá tuarascálacha ann a bhaineann le hoideachas múinteoirí (feic an leabharliosta). Tá gach ceann de na tuarascálacha ar fáil ar www.cogg.ie .

Tá an aighneacht seo bunaithe, cuid mhór, ar mholtaí na dtuarascálacha sin, agus mar thátal ar an taighde atá déanta, go dáta, ag COGG, iarrtar ar an gComhairle Mhúinteoireachta:

A chinntiú go bhfuil múinteoirí lán-oilte agus lán-inniúil ar an nGaeilge agus ar an teagasc trí Ghaeilge ar fáil le freastal ar riachtanais na mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

A chinntiú go bhfuil múinteoirí lán-oilte ina n-ábhair theagaisc agus lán-inniúil ar an nGaeilge agus ar an teagasc trí Ghaeilge ar fáil le freastal ar riachtanais na n-iarbhunscoileanna lán- Ghaeilge agus Gaeltachta

A chinntiú go bhfuil múinteoirí lán-oilte agus lán-inniúil leis an nGaeilge a theagasc i scoileanna uile ne tíre

Tá COGG ag iarraidh go mbeadh na spriocanna céanna ag an gComhairle Mhúinteoireachta le haghaidh theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge agus atá aici cheana féin le haghaidh múinteoireachta go ginearálta, eadhon:

(a) gairm na múinteoireachta agus iompar gairmiúil múinteoirí a rialáil,

(b) caighdeáin a bhunú maidir leis na nithe seo a leanas, agus cothabháil agus feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn, eadhon—

(i)cláir oideachais agus oiliúna do mhúinteoirí,

(ii)múinteoireacht, eolas, oilteacht agus inniúlacht múinteoirí i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna aitheanta, agus

(iii)iompar gairmiúil múinteoirí, agus

(c) oideachas agus oiliúint leanúnach agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a chur chun cinn,

Iarrann COGG ar an gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh na spriocanna seo le feiceáil in ullmhúchán le haghaidh theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge: tosaíonn an t-ullmhúchán sin i gcláir oideachais mhúinteora. Déanfaimid plé thíos ar an bhfáth a bhfuilimid á iarraidh seo agus ar na moltaí a cuireadh chun cinn i dtuarascálacha éagsúla COGG faoi conas é a chur i bhfeidhm.

Sa Tuarascáil Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004 tá plé ann ar oiliúint mhúinteoirí agus léiríonn na pointí thíos na deacrachtaí móra atá ag bunscoileanna agus ag iar-bhunscoileanna na Gaeltachta teacht ar mhúinteoirí cáilithe chun na folúntais a bhíonn acu a líonadh. Tá trí dheacracht faoi leith le sonrú:

Níl dóthain múinteoirí oilte ar fáil a bhfuil spéis acu dul ag obair sa Ghaeltacht.

Níl dóthain múinteoirí ar fáil a bhfuil a gcumas Gaeilge sách maith le dul ag múineadh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Ní ullmhaíonn na cúrsaí réamhoiliúna múinteoireachta na múinteoirí le múineadh trí mheán na Gaeilge agus/nó an dara teanga, ná chun múineadh faoi na cúinsí ar leith a bhaineann le scoileanna Gaeltachta, ar scoileanna beaga iad a bhformhór acu.

Chun na deacrachtaí seo a réiteach, molann an tuarascáil go bhféachfar arís ar na córais atá ann le múinteoirí a oiliúint don bhunleibhéal agus don dara leibhéal agus go ndéanfar socruithe ar leith le sruth leanúnach múinteoirí a chur ar fáil a bhfuil a gcuid oideachais tríú leibhéal i ngach ábhar faighte acu trí mheán na Gaeilge agus i dtimpeallacht lán-Ghaeilge; agus go mbeidh soláthar déanta ina gcuid oideachais do na réimsí saineolais ar leith atá de dhíth le múineadh go héifeachtach i scoileanna Gaeltachta.

I ndiaidh do na taighdeoirí an tuarascáil thuas a chur i gcló phléigh Seosamh Mac Donncha na torthaí le príomhoidí, múinteoirí, agus tuismitheoirí. Ba í Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004 Léargas ó phríomhoidí, múinteoirí agus tuistí an toradh. Mhol na grúpaí éagsúla seo go dtionscnódh COGG i gcomhar le hinstitiúid tríú leibhéal cuí cúrsa oiliúna iarchéime do phríomhoidí, do mhúinteoirí, do chigirí agus do shaineolaithe eile atá ag cur seirbhísí tacaíochta ar fáil do scoileanna Gaeltachta a mbeadh cáilíocht aitheanta tríú leibhéal ag dul leis agus a chuimseodh inter alia na rudaí seo a leanas:

Bunphrionsabail agus dea-chleachtais an tumoideachais.

Polasaithe agus pleanáil teanga do scoileanna Gaeltachta/scoileanna lán-Ghaeilge.

Curaclam na bunscoile/na hiar-bhunscoile i scoileanna Gaeltachta.

Riachtanais dhaltaí le riachtanais speisialta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Áiseanna teagaisc agus foinsí tacaíochta eile do scoileanna Gaeltachta agus scoileannalán-Ghaeilge.

Stair an chórais oideachais sa Ghaeltacht.

Sa chás seo baineann na moltaí seo le daoine atá ag obair mar phríomhoidí, mar mhúinteoirí, agus mar chigirí agus araile sa Ghaeltacht cheana féin. Mar sin de, cé go gcabhróidh cúrsa oiliúna iarchéime go mór leis na grúpaí seo ní dhíríonn an réiteach seo ar fhoinse na faidhbe, mar atá, na múinteoirí atá ag teacht amach as na coláistí oideachais gan na rudaí seo thuas.

Is léir mar sin go bhfuil deacrachtaí sa Ghaeltacht ag leibhéal na teanga, na bpolasaithe, na múinteoirí, na hoiliúna agus na seirbhísí. Agus tá na deacrachtaí seo ann de bhrí nach bhfuil córas tacaíochta cuí ar fáil sna coláistí oideachais chun treoir cheart a chur ar na múinteoirí ón tús.

Má bhogaimid ar aghaidh chuig bunscoileanna lán-Ghaeilge, feicfimid go bhfuil deacrachtaí ansin freisin. Sa tuarascáil taighde Soláthar Múinteoirí do na Bunscoileanna Lán-Ghaeilge deir na príomhoidí nach bhfeictear dóibh go bhfuil na coláistí oideachais ag freastal ar riachtanais na nGaelscoileanna. De réir na bpríomhoidí, is iad seo na deacrachtaí atá ag scoileanna dá bharr sin:

Tá 60% de mhúinteoirí na nGaelscoileanna nach bhfuil aon taithí acu ar an bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge.

Léiríonn 34% de phríomhoidí go mbraitheann siad nach bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag roinnt de na múinteoirí sa scoil. Tá 57% de phríomhoidí buartha faoin gcaighdeán scríofa Gaeilge atá ag roinnt ball foirne.

Is é tuairim 27% de phríomhoidí go bhfuil caighdeán Gaeilge na scoile ag titim toisc go bhfuil caighdeán na múinteoirí tar éis titim.

Léiríonn príomhoidí go mbíonn orthu folúntais a líonadh uaireanta fiú nuair a bhíonn siad imníoch faoi chaighdeán Ghaeilge na múinteoirí

Deir 70% de phríomhoidí go mbíonn sé deacair múinteoirí a fháil do na Gaelscoileanna agus creideann siad gur mó na deacrachtaí múinteoirí a fhostú do na Gaelscoileanna ná do na ‘gnáthscoileanna’.

Tá 91% de phríomhoidí a léiríonn an-deacrachtaí ionadaithe a fháil do na Gaelscoileanna agus deir 76% acu go mbíonn orthu uaireanta ionadaí ar bheagán Gaeilge a fhostú

Tá an ceathrú cuid de phríomhoidí a deir go bhfágann siad an rang gan ionadaí seachas múinteoir cáilithe ar bheagán Gaeilge a fhostú.

Léiríonn leath de na príomhoidí gur fearr leo ionadaí láncháilithe ar bheagán Gaeilge a fhostú seachas múinteoir neamhcháilithe le Gaeilge.

Tá 79% de phríomhoidí nach bhfuil sásta leis an soláthar oiliúna réamhsheirbhíse atá á chur ar fáil don Ghaelscolaíocht sna coláistí oideachais.

Mar gheall ar na deacrachtaí seo thuas, braitheann na príomhoidí nach bhfuil na coláistí oideachais ag déanamh a riar féin don Ghaelscolaíocht. Go deimhin níl fianaise cruinn le fáil go bhfuil soláthar sásúil in aon cheann de na coláistí oideachais a léiríonn cúrsa iomlán trí Ghaeilge, agus/nó cúrsa iomlán a dhíríonn ar mhic léinn a bhfuil cúlra Gaelscolaíochta acu féin, nó a bhfuil sé mar mhian acu dul ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta.

Mar réiteach ar na deacrachtaí seo, tá príomhoidí d’aon ghuth – nach mór – gur chóir cúrsaí speisialta faoin nGaelscolaíocht a chur ar fáil sna coláistí oideachais, nó gur chóir go mbeadh ar a laghad modúil faoin nGaelscolaíocht ar fáil do mhic léinn.

Luann siad freisin gur bealach eile le cur leis an réimse oiliúna don Ghaelscolaíocht ná cúrsa speisialta le cáilíocht bhreise, agus liúntas breise, a bhunú. Thaitin sé seo le príomhoidí mar mholadh agus is dócha go mbeadh mar bhuntáiste ag a leithéid go bhféadfadh sé bheith ann mar cháilíocht iar- oiliúna, agus go bhféadfadh múinteoirí an cúrsa a roghnú tar éis dóibh post a fháil i nGaelscoil.

Moltar sa tuarascáil go ndéanfaí iniúchadh ar an líon mac léinn iarchéime a bhfuil an Ghaeilge mar ábhar céime acu nó a bhfuil cúlra Gaelscolaíochta /Gaeltachta acu. Go bhfiosrófaí le cúrsa amháin de na cúrsaí iarchéime a sholáthar go hiomlán trí Ghaeilge do na mic léinn seo agus go bhfreastalódh an cúrsa ar shainriachtanais na Gaelscolaíochta, mar aon le freastal ar riachtanais an uile chineáil scoile. Go mbeadh de dhifríocht ag an gcúrsa seo gur Dioplóma Iarchéime sa Bhunoideachas agus sa

Ghaelscolaíocht a bhronnfaí ar mhic léinn, seachas an Dioplóma Iarchéime sa Bhunoideachas a bhronntar de ghnáth.

Bhí moltaí eile ag an tuarascáil:

1.Go gcruthófaí scáth-phlean do chúrsa réamhsheirbhíse oiliúna a d’fhreastalódh trí Ghaeilge ar riachtanais na Gaelscolaíochta agus na Gaeltachta agus go ndéanfaí na féidearthachtaí agus na constaic a bhaineann lena leithéid a rianadh. Go léireofaí na costais a bhainfeadh lena leithéid, an láthair is fearr a d’oirfeadh, agus an próiseas roghnaithe do mhic léinn. Go bhfiosrófaí maidir leis na féidearthachtaí a bheadh ann mic léinn na Gaelscolaíochta agus na Gaeltachta a thabhairt le chéile ar a leithéid de chúrsa chun dlús teagaisc agus foghlama a chruthú a d’fhreagródh do shainriachtanais na Gaelscolaíochta agus a d’ardódh caighdeáin Ghaeilge na múinteoirí i ngach cineál scoile, ach sa Ghaelscolaíocht go speisialta.

2.Go bhféachfaí le soláthar a dhéanamh ar fhorbairt ghairmiúil a dhíreodh go speisialta ar mhúinteoirí na nGaelscoileanna. Go bhfiosrófaí na féidearthachtaí maidir le hArd-Dioplóma sa Ghaelscolaíocht a sholáthar mar rogha inseirbhíse do mhúinteoirí; go bhféadfaí tabhairt faoin gcúrsa seo ar bhonn céimneach, agus go bhféadfaí é seo a bheith mar chéad chéim ar chúrsa iarchéime – an Mháistreacht sa Ghaelscolaíocht.

3.Go ndéanfaí gan mhoill na struchtúir is gá a éileamh ó choláistí oideachais, ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus ó ranna eile de réir mar a oireann, ionas go bhféadfadh mic léínn réamhchéime bliain iomlán dá gcúrsa a chaitheamh ar scéim ‘Erasmus’ d’oiliúint mhúinteoirí sa Ghaeltacht.

4.Go bhféachfaí le gearrchursaí ar chruinneas labhartha agus scríofa na Gaeilge a dhearadh dóibh siúd ar mian leo freastal orthu, agus gur ar leibhéil Ghaeilge na múinteoirí sna Gaelscoileanna a bheifí ag díriú; go ndéanfaí na cúrsaí seo a sholáthar ar an mbealach is praiticiúla a d’oirfeadh do mhúinteoirí na nGaelscoileanna, nó dóibh siúd ar mian leo ullmhú don Ghaelscolaíocht.

Arís, sa chás seo, nuair a fhéachfaimid ar na moltaí seo feicfimid go mbaineann na moltaí le feabhas a chur ar oiliúint na múinteoirí – rud is féidir le clár oideachais mhúinteora a dhéanamh.

Ar shuíomh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta tá tuarascáil ann a scríobh An Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna agus tá fianaise na tuarascála sin ag cloí leis an méid atá le léamh sna tuarascálacha go dtí seo:

‘….. bíonn fadhb mhór ag scoileanna seirbhísí múinteoirí ionaid atá inniúil a fháil, rud a chuireann isteach ar sholáthar forbartha gairmiúla le haghaidh múinteoirí trí mheán na Gaeilge. Deacracht mhór faoi láthair ag an soláthar lán-Ghaeilge is ea teacht ar mhúinteoirí atá cáilithe chun ábhair a theagasc trí mheán na Gaeilge agus is mór an bac an méid sin ar a fhorbairt agus a leathnú amach anseo. Tá géarghá le pleanáil chun cur le líon na múinteoirí atá ar fáil. Tá gá le pleanáil chomhordaithe náisiúnta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás Ard-Oideachais agus ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta chuige sin.’

Tá deacracht ar leith ag scoileanna in oileáin sa Ghaeltacht maidir le múinteoirí a earcú agus cur ar chumas múinteoirí freastal ar chúrsaí forbartha gairmiúla. Baineann costas mór le taisteal rialta chun na mórthíre chun freastal ar chúrsaí agus bíonn tacaíocht de dhíth ar mhúinteoirí.

Is léir go bhfuil na deacrachtaí céanna le réiteach sna scoileanna lán-Ghaeilge agus atá sna scoileanna Gaeltachta maidir le teanga, múinteoirí, oiliúint, agus seirbhísí.

Cé is féidir na deacrachtaí seo a réiteach agus na moltaí a chur i bhfeidhm? Phléigh Pádraig Ó Duibhir an cheist seo sa tuarascáil Oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge agus mhol sé mar thús:

Go rachadh COGG i dteagmháil leis an gComhairle Mhúinteoireachta le ceist na réamhsheirbhíse do theagasc trí Ghaeilge a phlé le cinntiú go n-aithníonn an Chomhairle Mhúinteoireachta an tábhacht atá leis.

Go bpléifí leis an gComhairle Mhúinteoireachta chomh maith agus leis an gCigireacht, cumas Gaeilge na múinteoirí trí chéile le haghaidh theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge.

Is léir ó na tuarascálacha atá luaite roimhe seo cé chomh tábhachtach agus atá ceist na réamhsheirbhíse le haghaidh theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge. Tá an struchtúr ag an gComhairle Mhúinteoireachta le dul i bhfeidhm ar an gceist seo, mar atá, clár oideachais mhúinteora. Foilsíodh tuarascáil Phádraig Uí Dhuibhir in 2006 agus tá práinn leis an rud a deir sé fós. Molann sé céimeanna maidir le réamhsheirbhís. Ba chóir

Go rachadh COGG i dteagmháil le húdaráis na gcoláistí oideachais le meastóireacht a dhéanamh ar an soláthar atá ann faoi láthair don tumoideachas agus do theagasc trí Ghaeilge d’fhonn an staid a fheabhsú trí modúil bhreise agus cúrsaí nua a chur ar fáil i dteagasc trí Ghaeilge. Ba chóir dul i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachais chomh maith chun maoiniú a fháil do na cúrsaí seo.

Go rachadh COGG i dteagmháil leis an Údarás um Ard-Oideachais agus le húdaráis na gcoláistí ollscoile a eagraíonn cúrsaí Ard-Teastas san Oideachas (ATO) chun líon na gcúrsaí, cosúil leis an gcúrsa ATO in OÉG, a mhéadú. Chun modúl Gaeilge a eagrú ar na cúrsaí ATO a dhíreodh ar theagasc trí Ghaeilge agus tríd an dara teanga. B’inmholta dul i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta chun cúrsaí den chineál seo a sholáthar.

Go mbunófaí coláiste oideachais neamhspleách go mbeadh sé mar chúram air múinteoirí a oiliúint don teagasc i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal. Ba cheart go mbeadh sé mar chuid de struchtúr ollscoile chun caighdeáin acadúla a chinntiú, chun tarraingt ar réimse saineolas níos leithne agus chun deiseanna forbartha pearsanta níos leithne a chur ar fáil do mhic léinn. D’fhéadfadh an coláiste cúrsaí iarchéime a thairiscint ar an gcéad dul síos agus cúrsaí céime de réir a chéile, céimeanna máistreachta ina measc.

Tá ról ag COGG i bhforbairt na seirbhísí seo, ach is í An Chomhairle Mhúinteoireachta a bheidh in ann dul i bhfeidhm ar na múinteoirí agus ar na daoine a chruthaíonn na polasaithe a théann i bhfeidhm ar na múinteoirí. I ngach tuarascáil atá luaite go dtí seo tá sé soiléir go bhfuil folús ann; ní bheadh an oiread sin moltaí sna tuarascálacha thuas mura raibh. Líonfadh clár oideachais an folús sin dá dtarraingeodh sé ar na moltaí atá ag teacht chun cinn sna tuarascálacha seo.

Sa tuarascáil a scríobh An Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna tá coimriú ar chuid mhaith de na rudaí a thagann chun cinn go minic san aighneacht seo:

Tá géarghá ag an oideachas dara leibhéal le tacaíocht tríú leibhéal i gcúrsaí iomchuí. I dteanntaArd-Dioplóma trí mheán na Gaeilge le réimsí ábhar níos leithne, tá gá le cúrsa a sholáthróidh cáilíocht agus oiliúint le haghaidh múinteoirí cáilithe a mb’fhéidir gur mhian leo inniúlacht a bhaint amach i dteagasc a n-ábhair trí mheán na Gaeilge. Beidh solúbthacht ag teastáil le haghaidh a leithéid de chúrsa chun:

freastal ar mhúinteoirí i réimsí éagsúla ábhar

modhanna foghlama éagsúla a sholáthar

dlúthbhaint a bheith aige le speictream na suíomh teagaisc/foghlama sna scoileanna

slite éagsúla a sholáthar chun creidiúint a chnuasach

freastal ar riachtanais scoileanna agus múinteoirí maidir le cúrsaí ama.

Ach tosaíonn an obair uile seo le clár oideachais mhúinteora. Má sholáthraíonn an clár múinteoirí críochnaithe snasta cumasacha a bheidh in ann Gaeilge a theagasc agus na hábhair a theagasc trí Ghaeilge sa bhunscoil agus san iar-bhunscoil, is tús maith é sin. Ansin i gcás leanúnachais beidh sé riachtanach freastal ar na múinteoirí nach bhfuair an seans sin agus iad ag dul don oideachas sna coláistí: beidh bearnaí le líonadh acu ina bhforbairt ghairmiúil agus i réimsí eile a bhaineann leis an nGaeilge.

Ní hé hamháin go gcabhróidh clár oideachais mhúinteora leis na múinteoirí, ach cabhróidh sé leis na páistí freisin, agus sa staid ina bhfuil an tír faoi láthair tá sé práinneach go bhfuil múinteoirí éifeachtacha ag na páistí – múinteoirí atá ar a suaimhneas faoina gcumas gairmiúil sa Ghaeilge.

Leabharliosta

An Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna (2004) Critéir agus Nósanna Imeachta chun Soláthar trí mheán na Gaeilge a bhunú agus a choimeád ar siúl i Scoileanna Dara Leibhéal nó i gCnuasaigh Scoileanna.

Mac Donncha, Seosamh, Ní Chualáin, Fíona, Ní Shéaghdha, Ní Mhainín, Treasa, (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004, An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Mac Donncha, Seosamh (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004 – Léargas ó na Príomhoidí, na múinteoirí & na tuismitheoirí, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Máirtín, Caoimhe (2006) Soláthar Múinteoirí do na Bunscoileanna Lán-Ghaeilge: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

ÓDuibhir, Pádraig (2006) Oideachas agus forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge. Plécháipéis. An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

ÓDuinnshléibhe, Seán (2003) An Ghaeilge sa Chóras Oideachais Tríú Leibhéal – Cláir Léinn ar leith. An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

ÓFlatharta, an Dr Peadar (2007) Struchtúr Oideachais na Gaeltachta, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

ÓMurchadha, Niall (2004) An Ghaeilge sna Coláistí Oideachais