Aighneacht faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta

default

Aighneacht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) le cur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i dtaca le dréachtsiollabas don chlár ‘An Pholaitíocht agus an tSochaí’

Fáiltíonn an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) roimh fhoilsiú an dréachtsiollabais seo ar mhaithe le plé a dhéanamh air sula dtabharfar isteach cúrsa ar Pholaitíocht agus an

tSochaí ar Chlár na hArdteistiméireachta, clár a leanfaidh ar aghaidh ón staidéar a dhéantar i gClár an Teastais Shóisearaigh ar an Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitíochta.

Tá COGG ag teacht le fís an NCCA go dtabharfadh an timthriall sinsearach “eispéireas foghlama ar ardchaighdeán d’fhoghlaimeoirí a ullmhóidh iad do shaol na hoibre, don bhreisoideachas agus don ardoideachas agus do shaol rathúil pearsanta”.

Ar an mbonn céanna, tacaímid le rún an NCCA freastal “ar riachtanais ghrúpaí éagsúla foghlaimeoirí”, aontaímid leis an mbéim a leagann an NCCA ar thábhacht an oideachais d’fhorbairt an dalta “mar dhuine agus mar shaoránach” agus molaimid iarrachtaí na Comhairle, trí leasú an churaclaim, cur leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an bhfás eacnamaíoch agus le prionsabail na hinmharthanachta i ngach gné den fhorbairt.

Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998, chun struchtúr a bhunú a d’fhéachfadh i ndiaidh riachtanais oideachais scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna agus a bheadh freagrach as forbairt earnáil an oideachais Ghaeltachta agus Ghaeilge agus as múineadh na Gaeilge i ngach scoil.
I bhfianaise na n-aidhmeanna sin, tacaíonn COGG le fís an NCCA gur chóir go mbeadh foghlaimeoirí a thugann an timthriall sinsearach chun críche in inmhe a bheith seiftiúil, cruthaitheach, saorbhreathach agus a bheith in ann fadhbanna a fhuascailt; gur chóir dóibh bheith muiníneach agus eiticí, luachanna agus creidimh láidre a bheith acu; gur chóir dóibh bheith in ann cur lena bhfolláine ábharthach féin agus le folláine ábharthach na sochaí; agus gur chóir dóibh bheith in inmhe scoth na foghlama a dhéanamh agus a gcuid scileanna intleachtúla, léirmheastóireachta agus féinmhachnaimh a fhorbairt.

Is é cuspóir luaite chúrsa an OSSP a chur in iúl do dhaltaí gur cuid de phobal iad, agus a chur ar a gcumas teacht ar eolas agus ar an mbonneagar a bhaineann leis an tír a bhfuil cónaí orthu inti, mar aon le cumas agus muinín a bheith rannpháirteach i sochaí dhaonlathach. Dar le COGG, ba chóir don chlár molta, An Pholaitíocht agus an tSochaí, cur leis an méid a bhaineann foghlaimeoirí amach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus cur le cumas na ndaltaí tabhairt faoin tsaoránacht ghníomhach ar bhealach aibí.

Chuige sin, áitímid nár mhór d’fhoghlaimeoirí raon tréithe a bheith sealbhaithe acu:
• Ba chóir eolas agus tuiscint a bheith acu ar idéanna reatha polaitiúla, ar phróiseas na polaitíochta, ar na forais pholaitiúla agus ar fhorais chultúir an oileáin a bhfuil cónaí acu air – ar dhá thaobh na teorann – agus ar an gcaidreamh eatarthusan;

• Ba chóir go mbeadh ar a gcumas anailís a dhéanamh ar struchtúir na cumhachta agus an údaráis in Éirinn agus an chaoi a bhféadfaí iadsan a chur i gcomparáid le
córais pholaitíochta dhifriúla mar aon le heolas a bheith acu ar pholaitíocht an Aontais Eorpaigh;
• Ba chóir buntuiscint a bheith acu ar an gcaoi a bhfeidhmíonn páirtithe polaitiúla na hÉireann, ar a gcúlra agus ar a bhforbairt, agus ba chóir dóibh bheith in ann coincheapa agus fealsúnachtaí polaitíochta na bpáirtithe sin a scagadh;
• Ba chóir dóibh a bheith in ann feidhm na reachtaíochta, an Oireachtais agus na cúirte a scagadh agus ról na ranna Rialtais agus ghníomhaireachtaí tábhachtacha eile an Stáit a mheas;
• Ba chóir eolas a bheith acu ar pholaitíocht idirnáisiúnta na linne agus a bheith in ann comparáid a dhéanamh eatarthu agus ba chóir dóibh a bheith in ann idé-eolaíochtaí difriúla polaitíochta a mheas;
• Ba chóir tuiscint chuimsitheach a bheith acu ar chearta agus ar fhreagrachtaí an duine aonair agus a bheith in ann dul i ngleic le saincheisteanna polaitiúla ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta.
Tríd is tríd, ba chóir do dhaltaí a thugann an cúrsa, An Pholaitíocht agus an tSochaí, chun críche a bheith in ann eolas polaitiúil a inmheánú, a bheith in ann argóintí comhtháite a chur le chéile agus a chur in iúl, ba chóir tuiscint a bheith acu ar choincheapa polaitiúla na linne agus ba chóir dóibh a bheith in ann fiúntas moltaí beartais a phlé go cuimsitheach agus i gcomhthéacs.
Dar le COGG, tá sochaí na hÉireann uathúil agus éagsúil, mar gheall ar:
• Céadteanga oifigiúil a úsáideann pobal bríomhair cainteoirí Gaeilge, pobal atá ag fás; agus
• Pobal a dtugtar aitheantas dá chuid cearta agus a bhfuil bonn oifigiúil faoina gcuid éileamh ar eolas poiblí agus faoi ghnó a dhéanamh le forais an Stáit de bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla sa tír seo agus de bhun stádas na Gaeilge mar theanga oibre an AE ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

Is fánach an socheolaí a dhéanfadh iarracht tábhacht na Gaeilge a chuimsiú leis an bhfocal ‘Gaelachas’ ach bheadh daltaí faoi mhíbhuntáiste ollmhór agus iad ag iarraidh teacht ar bhunbhrí an chultúir ar díobh iad gan aitheantas a thabhairt don ghné sin is lár dó.
Ní mór aitheantas a thabhairt freisin, cé go bhfuil líon suntasach daoine sa Stát ar mian leo oileán aontaithe a bhaint amach, go n-aithníonn an Stát go foirmeálta go dtugann tromlach i dTuaisceart Éireann Briotanaigh orthu féin agus gur mian leo bheith mar chuid den Bhreatain Mhóir, in ainneoin go bhfuil siad scartha amach ó thaobh tíreolaíochta de ón aontas sin.
Tá na nithe sin tábhachtach d’Aonad 1: Idirspleáchas agus coinbhleacht agus tá siad ríthábhachtach chun ‘acmhainn maidir le saoránacht mhachnamhach agus ghníomhach’ a fhorbairt – rud a leagtar síos mar bhunaidhm den chlár An Pholaitíocht agus an tSochaí –
agus chun daltaí a oiliúint i dtaca le cur chun gnímh ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I gcás daltaí a gcuirtear oideachas orthu i nGaeilge, bheadh deacrachtaí ann dá ndéanfaí iarracht cur síos a dhéanamh ar fheidhmiú na ‘bhforas sin a bhfuil cur amach acu orthu’ – scoileanna san áireamh – gan na pointí sin a chur san áireamh.
Ar an mbonn céanna, agus coincheap na gceart daonna á phlé tá ceart an duine a c(h)uid gnóthaí a dhéanamh ina t(h)eanga féin ar bhunteidlíochtaí an tsaoránaigh.
Ina theannta sin, b’aineolach an mhaise é Bunreacht na hÉireann a mheas gan eolas cuimsitheach ar cháipéis atá dátheangach, ach arb é an leagan Gaeilge an leagan is údarásaí i gcás díospóide.

Ar deireadh thiar thall, ní fhéadfadh léargas cruinn ar ‘chomhdhéanamh na sochaí de bhun coinbhleachta idir ghrúpaí’ neamhaird a thabhairt do chríochdheilghilt na hÉireann ná do phobaldeighilt an oileáin ina iomláine; leoga, níor mhór an ghné sin a bheith ina bunchloch don léargas céanna sin.

Ar an gcaoi chéanna, in Aonad 2: Domhandú agus logánú, bheadh eolas ar thraidisiúin éagsúla staire, pholaitíochta, chreidimh agus teanga an oileáin – agus feasacht ar a mhéad agus ar an gcaoi ar thángthas ar chomhréiteach go nuige seo – bheadh sé ríthábhachtach d’aon chur síos a dhéanfaí ar phatrúin na héagsúlachta eitní agus cultúir i gcomhthéacs áitiúil.

Molann an dréachtsiollabas do An Pholaitíocht agus an tSochaí cúrsa dhá chuid, a mbeadh seacht dtopaic nó modúl sa chuid is mó díobh sin, ar a dtugtar ‘Idirspleáchas agus Coinbhleacht’, mar atá: ‘An tSaoránacht Ghníomhach’, ‘Rialachas daonlathach’, ‘Cleachtais dhaonlathacha i measc grúpaí beaga, ‘Cuntais chultúir agus normatacha ar an ord sóisialta, ‘Deighiltí sa tSochaí’ agus ‘Comparáid idir dearcaí i leith an idirspleáchais agus na ndeighiltí sa tsochaí’.

Ceithre mhodúl a bheadh san aonad is lú díobh, mar atá: ‘An éagsúlacht i sochaithe na linne’, ‘Tuiscint ar an ngaol idir an comhionannas agus an éagsúlacht’, ‘Dearcaí i leith na forbartha’ agus ‘Tuiscint ar an bhforbairt inmharthana’.

Cé go dtuigeann COGG scóip uaillmhianach an dá aonad sin, ba mhian linn na pointí seo a leanas a dhéanamh:

Tá an chuma air do bhfuil teachtaireacht an dá thopaic sin, a bheag nó a mhór, dírithe ar mhic léinn fochéime seachas ar dhaltaí iar-OSSP a bhfuil buneolas acu ar chearta agus ar fhreagrachtaí an tsaoránaigh, agus ar choincheapa an daonlathais, an dlí, na forbartha agus an idirspleáchais.

Is é éirim na modúl tuiscint a thabhairt do dhaltaí ar an bhfealsúnacht pholaitiúil – Plato, Hobbes, Locke, Rousseau, Marx – seachas buntuiscint ar an eolaíocht pholaitiúil, agus blaiseadh a thabhairt do dhaltaí de theoiric shóisialta Millett seachas deis a thabhairt
dóibh uirlisí anailíseacha na heolaíochta sóisialta a úsáid chun tuiscint a fháil ar an tsochaí a bhfuil cónaí ag na daltaí inti.

Leis an eolaíocht a thuiscint, ní mór eolas éigin a bheith ag daltaí ar an bhfealsúnacht is bunús léi, ní nach ionadh, ach dar linn gur chóir díriú ar eolas a thabhairt do dhaltaí na hArdteistiméireacht ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí seachas ar an gcaoi a bhféadfaidís a bheith – pé olc maith iad. Leagtar béim i gcónaí ar an ní teibí – idéanna Marx, teoiric shóisialta Durkheim, dearcadh eacnamaíoch Milton Friedman – seachas ar fhorais iarbhír nó feiniméin shóisialta ar leith.

Ach a ndírítear ar chúrsaí teoirice, is beag léargas a thugtar ar ghnéithe ‘Éireannacha’ an chúrsa: sa mhodúl ‘Rialachas daonlathach’, mar shampla, is trí fhothopaic iad ról Bhunreacht na hÉireann, córas vótaíochta na hÉireann agus tionchar na gcomhaontuithe um chearta an duine ar Éirinn, nuair a d’fhéadfaí a áiteamh gur chóir scrúdú níos doimhne a dhéanamh orthu ina gceann is ina gceann. Gan dul i bhfad scéil leis, níl i gcóras na hionadaíochta cionmhaire a ngabhann aon vóta amháin inaistrithe leis – córas atá ríchasta – ach ceann amháin de chúig ní a phléitear i bhfothopaic as measc sé fhothopaic sa mhodúl céanna, ach is léir go bhfuil gá le comparáid a dhéanamh, le córas na liostaí mar shampla.

Fearacht an phointe thuas, sa mhodúl ‘Deighiltí sa tsochaí’ iarrtar ar dhaltaí cur síos a dhéanamh ar choincheap an aicmithe shóisialta in Éirinn agus tagairt á déanamh do dhaonáireamh na hÉireann agus do ‘chatagóiriú tomhaltóra’ mar cheann amháin de chúig fhomhír d’fhothopaic ina dtugtar ar dhaltaí foghlaim faoi choincheapa Marx ar chúrsaí polaitíochta agus sochaí.

Mar phointe deiridh, i dtaca le dearcadh reatha uile-oileánda na mórpháirtithe polaitiúla, ní dhéantar ach aon tagairt amháin don fhorbairt pholaitiúil is mó a tharla le blianta beaga anuas, ach a ndéantar tagairt sa réamhrá do Thuarascáil an Tascfhórsa um an tSaoránacht Ghníomhach, mar atá “tá dearcaí traidisiúnta i leith an Éireannachais leathnaithe ag Comhaontú Aoine an Chéasta (agus ag imirce níos mó)”.

Leoga, déantar tagairt ina dhiaidh sin don tuarascáil chéanna arís, mar atá “an gá atá ann forbairt a dhéanamh ar an tuiscint atá againn ar ghné Eorpach na saoránachta gníomhaí, idir mhuintir na hEorpa agus ina measc’ agus níorbh aon dochar é sin a bheith ina shlat tomhais againn agus ábhar an chúrsa á leagan amach do An Pholaitíocht agus an tSochaí.

Conclúid

Glacann COGG leis an argóint gur bhfuil idir dhúshláin agus deiseanna ann do dhaoine óga de bhun athrú a bheith ag teacht ar chúinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus nach mór do chóras oideachais na hÉireann iarracht a dhéanamh na scileanna, an t-eolas, na luachanna agus na dearcaí a thabhairt dóibh a chuirfidh ar a gcumas dul chun rathúnais –
go hintleachtúil agus go praiticiúil agus an saol á chaitheamh acu ó lá go lá – sa milieu sin.
San Éire ‘nua’ seo, is beag dabht ach go gcaithfear scileanna idirchultúrtha a thabhairt dóibh a chuirfidh ar a gcumas caidreamh agus cumarsáid a dhéanamh le daoine ó chúlraí éagsúla agus iad a thuiscint.

Ach áitíonn COGG nach féidir le daoine óga a leithéid sin a dhéanamh ach amháin má tá eolas glé acu orthu féin, má tá tuiscint ghéar acu ar an tsochaí ar di iad mar aon leis an tsochaí atá rompu amach, agus má tá sé d’imhe iontu tuairimí traidisiúnta an Éireannachais agus noirm ilchultúrtha Éire an 21ú haois a mheas go hoibiachtúil.

Ní aonán aonchultúir a bhí sa tír seo sular thosaigh an inimirce nua seo agus tá éagsúlacht chultúir, teanga agus eitneach na ndaoine a bhí anseo riamh anall ríthábhachtach má tháthar chun cuntas cruinn a thabhairt ar an tsochaí ina mairimid.

Nuair a bheidh an tuiscint sin ag daltaí, agus an uair sin amháin, a bheidh meas acu ar chearta, ar fhreagrachtaí agus ar an éagsúlacht agus a bheidh sin in ann tabhairt faoin machnamh neamhspleách agus faoi dhifríochtaí a réiteach ar bhealach síochánta agus daonlathach, dar le COGG.

Mar fhocal scoir, ba mhaith le COGG comhghairdeas a ghabháil leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta as tús a chur leis an bpróiseas comhairliúchán do dhréachtsiollabas an chláir, An Pholaitíocht agus an tSochaí, agus molann sé fís fhadbhreathnaitheach an NCCA maidir le cumas an foghlaimeora a fhorbairt le go mbeidh sé nó sí in ann tabhairt faoin tsaoránacht mhachnamhach agus ghníomhach agus léargas agus scileanna na heolaíochta sóisialta agus polaitiúla mar thaca aige/aici.