An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
Aighneacht chuig an Údarás Ard-Oideachais
Cúlra
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i 2002 faoi théarmaí Alt 31 den Acht Oideachais (1998) le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna
Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Feidhmeanna reachtúla:
o Soláthar téacsleabhar agus acmhainní do mhúineadh trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomheagrú
o Comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir le cur ar fail agus cur chun cinn oideachas trí mheán na Gaeilge
o Seirbhísí taca a chur ar fail trí mheán na Gaeilge
o Taighde a dhéanamh ar ábhar a bhaineann leis na cúraim sin
o Soláthar téacsleabhar agus acmhainní do mhúineadh na Gaeilge a phleanáil agus a chomheagrú
o Comhairle a thabhairt don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le nithe a bhaineann le múineadh na Gaeilge, le hoideachas a chur ar fail trí mheán na Gaeilge agus riachtanais oideachais na ndaoine a chónaíonn i limistéar Gaeltachta
Is sa chomhthéacs seo is mian le COGG na moltaí a leanas maidir leis an ardoideachas a chur faoi bhráid An Údaráis um Ard-Oideachas agus na constaicí a bhainfeadh lena bhfeidhmiú:
• Is ceart institiúid oideachais 3ú leibhéal, lán-Ghaeilge a bhunú
• Is ceart Coláiste Oideachais lán-Ghaeilge a bhunú
• Is ceart ardú i gcaighdeán Gaeilge céimithe na Gaeilge agus bunmhúinteoirí a chinntiú
Constaicí:
• Easpa físe agus dearcadh lucht riartha an oideachais
• Easpa polasaí stáit don Ghaeilge sa chóras oideachais
• Easpa daoine gairmiúla (lucht leighis, lucht dlí, lucht eolaíochta etc) le Gaeilge a d’fhéadfadh oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge
• Easpa foclóra Gaeilge-Gaeilge