An Doirseoir. Scéal beatha Solanus Ó Cathasaigh atá sa leabhrán An Doirseoir,cúntas 30 leathanach le pictiúirí atá i gceist. Saolaíodh Solanus i mbothóg trí sheomra i Wisconsin mar a raibh feirm ag a mhuintir. Ba as Éirinn dóibh. Toisc ganntanas airgid a bheith ag breith ar an gclann bhí ar Solanus éirí as an scolaíochdt agus dul ag obair i muileann adhmaidh. Tá cur síos sa leabhrán ar a chúrsa tríd an saol mar bhuachaill óg a thiteann i ngrá le cailín ach measann a máthair go bhfuil sí ró-óg, athraíonn sé a phost , deineann sé treimhse oibre i bpriosún, cuireann sé aithne ar phriosúnach a thugann trúnca dó mar bhronntanas. Faigheann sé post mar fhear mótair ar an iarnród,agus lá amháin tagann sé ar bhean agus í gonnta go donna,baineadh preab as an bhfear óg agus socraíonn sé dul leis an mbeatha rialta Is le trúnca an phriosúnaigh a théinn sé isteach ins na Caipisínigh. Glacann sé go foighneach leis na rialacha agus leis an staidéar. Cuireadh ag obair é mar dhoirseoir agus chaithsé leathchéad bliain ag a bhínse laistiar den doras.Chuir sé treóir spioradálta ar a lán daoine agus bhí cáil air de bhárr a naofachta.Tá cóip den leabhar le fáil i mBéarla freisin. Is ón mainistir i Detroit a tháinigh an t-iarratas an scéal a scaipeadh i nGaeilge. Tá an scéal taithneamhach ,daonna seo oiriúnach mar ábhar léitheoireachta d'óg agus d'aosta agus is mór an teagasc agus an solás spioradálta atá le fáil ó scéal beatha an manach bocht seo-
Solanus.