Easpa tuisceana ar obair COGG léirithe ag an mBord Snip Nua
Cúis díomá é an moladh i dTuarascáil Bhord Snip Nua go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta de réir Chathaoirleach na Comhairle, Breandán Mac Cormaic.
Léirigh an tuarascáil easpa tuisceana ar an méid atá bainte amach ag COGG, mar nach luaitear i dtaobh gníomhaíochtaí na comhairle ach téacsleabhair iarbhunscoile do theagasc na Gaeilge. Anuas air sin, níltear ag moladh go leanfaí le haon ghné d’obair COGG de bharr an buiséad reatha iomlán a bheith luaite mar shábháil.
“Tá obair fíor-thábhachtach maidir le hoideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta curtha i gcrích ag COGG ó bunaíodh í ar acmhainní an-srianta agus níl ceist ann ach go bhfuil luach ar airgead á fháil ag an Rialtas. Tá breis agus 100 áis teagaisc curtha ar fáil go dtí seo agus 40 áis eile idir lámha. Tá réimse leathan taighde foilsithe agus comhairle á chur ar fáil go leanúnach d’áisíneachtaí oideachais ar ábhar a bhaineann le teagasc trí Ghaeilge agus teagasc na Gaeilge,” dar le Mac Cormaic.
Buille an-trom a bheidh ann, dar le Mac Cormaic, má chuirtear i bhfeidhm na moltaí sa Tuarascáil a bhaineann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge.
“Tá sé práinneach anois go rachfar ar aghaidh chomh luath agus is féidir le foilsiú Plean 2028 don Ghaeilge atá á ullmhú ag an gCoiste Comh-aireachta don Rialtas agus táimid dóchasach go bhféachfar sa Phlean le cinntiú go leanfaidh COGG ar aghaidh agus go mbunófar roinn agus aireacht ar leith le sainchúraim Ghaeilge agus Ghaeltachta.”
CRÍOCH
Breis eolais: Breandan Mac Cormaic 087 2444593 Muireann Ní Mhóráin 087 2379971