COGG
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta

Ceisteanna Coitianta

Cén áit a bhfaighinn eolas faoi na coláistí samhraidh?
Glaoigh ar CONCOS 086 0448667

Teastaíonn uaim an t-irisleabhar Breacadh a ordú. Cad is gá dom a dhéanamh?
Is féidir an fhoirm ordaithe a íoslódáil anseo, í a chomhlíonadh agus í a sheoladh go COGG, 22 Plás Mhic Liam leis an íocaíocht.

Cá háit ar féidir liom leagain Ghaeilge de na hiarpháipéir scrúduithe stáit a cheannach?
Ba chóir iad a ordú tríd an scoil nó téigh go www.4schools.ie nó glaoigh ar 01-8081494

Cén áit a bhfaighinn ábhar saor in aisce do sheachtain na Gaeilge – póstaeir, etc?
Tá liosta  áiteanna le híoslódáil anseo

Teastaíonn uaim aistriúchán a dhéanamh do ChOGG, cad is gá dom a dhéanamh?/ Conas a roghnaítear aistritheoirí?
Is gá a bheith creidiúnaithe, féach ar shuíomh www.gaeilge.ie. Cuir do chuid sonraí (taithí, cáilíochta, etc) chuig eolas@cogg.ie agus cuirfear ar phainéal tú.

Teastaíonn uaim go ndéanfaí leagan Gaeilge d’áis Bhéarla atá agam. Conas is féidir an sprioc seo a chur i gcrích?
Cuir na sonraí faoin áis atá i gceist chuig eolas@cogg.ie le meastachán costais.

Tá tionscnamh/togra/tráchtas á scríobh agam faoi chúrsaí tumoideachais/Ghaelscolaíochta srl. cén áit a bhfaighinn tuilleadh eolais?
Féach ar an Innéacs Taighde atá ar shuíomh COGG nasc….. Roghnaigh na bpíosaí taighde atá déanta cheanna agus téigh agus b’fhéidir go n-aimseoidh tú ansin é.

Táim ag dul ag múineadh i nGaelscoil. An bhfuil aon chúrsaí Ghaeilge ann do mhúinteoirí amháin?
Déan teagmháil le hOideas Gael 074 9730248, Gaelchultúr 01-675 3658 nó COGG 01 634 0831

Chonaic mé Leabharlann soghluaiste ChOGG lasmuigh do scoil le déanaí. Teastaíonn uaim roinnt stuif a chonaic mé sa veain a cheannach, cén áit a bhfaighinn a leithéid?
I do shiopa leabhair áitiúil nó glaoigh ar An Siopa Leabhar 01 478 3814, Cúpla Focal  01 276 5120, An Siopa Gaeilge 074-9730500

Cá bhfaighin liosta d’aiseanna atá ar fáil le múineadh i nGaelscoil nó Scoil Gaeltachta?
Déan an leabhrán a íoslódáil anseo nó glaoigh ar COGG chun cóip chrua a fháil sa phost.

 Cá bhfaighinn nótaí/leathanaigh oibre le híoslódáil d’ábhair éagsúla? Téigh go suíomh ChOGG www.cogg.ie - nasc

Mura bhfuil do cheist anseo seol é ar ríomhphost chuig eolas@cogg.ie