Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.
Baineann ról na Comhairle leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas agus tá trí mhór-réimse oibre ann:
- Soláthar acmhainní teagaisc
- Seirbhísí taca
- Taighde
Ceapadh comhaltaí na Comhairle – tuistí, oidí agus saineolaithe eile – i Mí Márta 2002. Chuaigh an Príomhfheidhmeannach i mbun oibre i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus ceapadh Feidhmeannach Riaracháin i mí Aibreáin 2003. Ceapadh Cúntóir Taighde i mí Bealtaine 2005 agus Feidhmeannach Riaracháin eile i mí Meán Fómhair 2005.
Ceapadh comhaltaí nua na Comhairle i mí an Mheithimh 2006.
Breandán Mac Cormaic - Cathaoirleach
Muireann Ní Mhóráin - Príomhfheidhmeannach
Ráiteas Misin
Cúraimí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chomhlíonadh go héifeachtach, go gairmiúil agus ar ardchaighdeán ar mhaithe le forás na h-earnála Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus ar mhaithe le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre.